Faoin ábhar “Tearmann Sábháilte nó Calafort Stoirmiúil? Ag fiosrú conas a théann dearadh oideachais tríú leibhéal i bhfeidhm ar ár sláinte”, rinne comhdháil AHEAD 2022 iniúchadh ar an nasc idir dearadh oideachais agus folláine na mac léinn agus léirigh sí dea-chleachtais i ndearadh eispéiris oideachais tríú leibhéal dearfacha, chuimsitheacha do chách go réamhghníomhach agus d’aon ghnó. Rinne an Dr Agnes Sarolta Fazekas, Ollamh Cúnta ag ELTE, Dámh an Oideachais Riachtanas Speisialta Bárczi Gusztáv, Institiúid um Míchumas agus Rannpháirtíocht Shóisialta, agus Ceannaire Pacáiste Oibre CHARM-EU ar Chuimsitheacht, mar aon leis an Dr Derina Johnson, bainisteoir tionscadail Thionscadal Curaclaim Chuimsitheach na Tríonóide laistigh den Oifig um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Chuimsitheacht (TCD) agus Ball Foirne den Phacáiste Oibre ar Chuimsitheacht, ionadaíocht ar CHARM-EU agus sholáthair siad a ranníocaíocht ar an 21 Márta 2022.