“Tugann an tionscnamh deis do mhic léinn leas a bhaint as cláir ag leibhéal baitsiléara, iarchéime agus dochtúireachta – le grúpaí Comhghuaillíochta i roinnt ábhar teagaisc lena n-áirítear i réimsí na hinnealtóireachta, an spáis, an chlaochlaithe dhigitigh agus na sláinte domhanda, i measc réimsí eile. Do dhaoine óga, atá ar scoil inniu – tá gealladh mór ag an tionscnamh seo maidir le cén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar a n-oideachas tríú leibhéal amach anseo. Cás ina bhfeictear eolas agus foghlaim i dtéarmaí ionad barr feabhais, agus faigheann mic léinn rochtain air seo gan a bheith faoi cheangal ná srianta ag teorainneacha.”