Bhí Clár Píolótach Scoil Gheimhridh CHARM-EU ar siúl ón 27ú go dtí an 30ú Eanáir, 2021. Le linn an chláir ceithre lá seo, d’oibrigh rannpháirtithe mac léinn le cuid de phríomhacadúlaithe na hEorpa, le geallsealbhóirí ón tionscal agus ón tsochaí shibhialta, agus le grúpa ilnáisiúnta chun réitigh a fhorbairt do dhúshláin an tsaoil mhóir a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Thug an clár deis do rannpháirtithe mac léinn scileanna agus inniúlachtaí nua a fhorbairt a aistreofar trasna go leor suíomhanna oibre agus gairme éagsúla, lena n-áirítear: Smaointeoireacht thrasdisciplíneach agus modhanna taighde nuálacha, Scileanna Smaointeoireachta Criticiúla agus Comhoibrithe, Scileanna Cumarsáide, Scileanna cruthaitheachta agus nuálaíochta, Scileanna féinthreoraithe, Scileanna ceangail dhomhanda agus áitiúla agus Úsáid na teicneolaíochta mar uirlis foghlama.