Ar an 13 agus 14 Nollaig 2022, beidh Comhdháil Bhliantúil phoiblí CHARM-EU á reáchtáil ag Comhghuaillíocht CHARM-EU i mBarcelona. Beidh deis ag rannpháirtithe súil siar a chaitheamh agus machnamh a dhéanamh ar éachtaí Chomhghuaillíocht CHARM-EU d’fhonn tionchar il-leibhéil Chomhghuaillíochtaí Ollscoileanna na hEorpa a mheas.
Ó cuireadh tús le Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha in 2019, tá roinnt dúshlán sáraithe ag Comhghuaillíocht CHARM-EU agus tá dul chun cinn rathúil déanta aici i go leor réimsí éagsúla. I measc na n-éachtaí a bhfuilimid bródúil astu tá forbairt ár bpríomhluachanna, ár bprionsabail oideachais agus samhail nuálach teagaisc agus foghlama as ar eascair an chéad Chéim Mháistreachta Eorpach chomh maith le seoladh ghné taighde agus nuálaíochta CHARM-EU trí TORCH . Tabharfaidh Comhdháil Bhliantúil CHARM-EU deis chun aird a tharraingt ar na héachtaí seo de chuid CHARM-EU agus iad siúd de chuid Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus machnamh a dhéanamh orthu agus an todhchaí a mhapáil trí na chéad chéimeanna eile a dhearadh i dtreo Limistéar Oideachais Eorpach láidir bunaithe ar straitéis fhadtéarmach chomhoibríoch, chuimsitheach agus il-leibhéil.
Cuirfidh an chomhdháil le claochlú Ardoideachais na hEorpa trí na héifeachtaí il-leibhéil a bhaineann leis an gcomhar laistigh de chomhghuaillíochtaí a aithint agus a aibhsiú. Tabharfaidh sí ionadaithe ó Chomhghuaillíochtaí Ollscoileanna na hEorpa, mic léinn, baill foirne agus acadóirí, lucht déanta beartas chomh maith le geallsealbhóirí seachtracha le chéile chun deis a thabhairt plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na gníomhartha atá le déanamh le linn chéim nua Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha.
Chomh maith leis na héachtaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh i CHARM-EU, díreoidh na seisiúin phainéil ar réimsí amhail tógáil Limistéar Oideachais na hEorpa, múnlú thodhchaí Ardoideachais na hEorpa trí na dea-chleachtais a sainaithníodh in Ollscoileanna Eorpacha chomh maith lena rannchuidiú leis na haistrithe digiteacha agus glasa trí Phlean Gníomhaíochta Oideachais Dhigitigh an AE agus Tionscnamh Nua Bauhaus na hEorpa a chur chun cinn.
Cuirfidh na seisiúin phlé théamacha deis ar fáil freisin machnamh a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige i leith Oideachas Ollscoile na hEorpa (ag baint úsáide as CHARM-EU mar chás-staidéar) agus ar struchtúir rialachais agus bainistíochta Chomhghuaillíochtaí EUI agus an deis á tabhairt chun machnamh a dhéanamh ar chruthú campas idir-institiúideach, idirchultúrtha, trasdisciplíneach agus cuimsitheach a bhfuil soghluaisteacht mar ghné lárnach aige, na féidearthachtaí maidir le claochlú inmheánach chomh maith le todhchaí ghné na taighde agus na nuálaíochta de Chomhghuaillíochtaí Ollscoile na hEorpa.
Tá clárú do Chomhdháil Bhliantúil CHARM-EU SAOR IN AISCE agus ar fáil anseo .
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: https://www.charm-eu.eu/conference2022
Beidh cuid de na seisiúin phainéil ar fáil i bhformáid hibrideach.