Ráiteas Comhpháirteach ó FOREU1 agus FOREU2 mar thacaíocht don Úcráin

Ráiteas Comhpháirteach ó FOREU1 agus FOREU2 mar thacaíocht don Úcráin

Dílis do luachanna Eorpacha dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, smacht an dlí agus chearta an duine, fanfaidh ár gComhghuaillíochtaí cuimsitheach do gach mac léinn agus acadóir agus leanfaidh siad orthu ag tacú le gach duine a bhfuil tionchar ag an staid thragóideach seo orthu.

FOREU1 FOREU 2

Seasann muidne, 41 Comhghuaillíocht Ollscoileanna Eorpacha, a dhéanann ionadaíocht ar thart ar 300 institiúid Ardoideachais Eorpacha, le chéile agus seolaimid ár ndlúthpháirtíocht is láidre chuig muintir na hÚcráine i ndiaidh ionsaí Rialtas na Rúise. Cáinimid go láidir freisin an bhuamáil ar Ollscoil Náisiúnta Kharkiv. Tá ár gComhghuaillíochtaí bunaithe ar fhís chomhroinnte d'Eoraip fáilteach agus shíochánta: impímid ar na geallsealbhóirí uile síocháin, daonlathas agus meas ar chearta an duine a athbhunú san Úcráin.

Tá comhpháirtithe ag go leor dár gComhghuaillíochtaí atá lonnaithe i réigiún na hÚcráine: tá siad tosaithe ag óstáil dídeanaithe Úcránacha, lena n-áirítear baill de phobal acadúil na hÚcráine. I ndlúthpháirtíocht, tá comhpháirtithe Comhghuaillíochtaí eile ag bunú sásraí chun tacú leo (bailiú airgid, soláthar earraí bunúsacha, scoláireachtaí, srl.).

Dílis do luachanna Eorpacha dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, smacht an dlí agus chearta an duine, fanfaidh ár gComhghuaillíochtaí cuimsitheach do gach mac léinn agus acadóir agus leanfaidh siad orthu ag tacú le gach duine a bhfuil tionchar ag an staid thragóideach seo orthu.

Íoslódáil an leagan pdf anseo.