Bhuaigh CHARM-EU Duais Oideachais 2022

Bhuaigh CHARM-EU Duais Oideachais 2022

Fógraíodh CHARM-EU agus a ollscoil chomhpháirtíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar bhuaiteoirí Ghradam an Tionscadail Chomhoibrithe Idirnáisiúnta is Fearr ag searmanas bliantúil na nGradam Oideachais Dé Céadaoin an 6 Aibreán. Aithníonn agus ceiliúrann na Gradaim sármhaitheas san oideachas tríú leibhéal.

Deilbhín ollscoile le bolgán buí ar an tosaigh

Tugann na Gradaim Oideachais aitheantas don tionchar tábhachtach atá ag an gcomhpháirtíocht idir baill de Chomhghuaillíocht CHARM-EU a chuireann taithí foghlama ar fáil a bhfuil soghluaisteacht agus cuimsitheacht mar chroílár di agus a chuireann samhail teagaisc atá dírithe ar dhúshláin, dírithe ar an mac léinn agus féinstiúrtha ar fáil a chomhtháthaíonn taighde, teagasc agus nuálaíocht.

Ag trácht ar an ngradam, dúirt an tOllamh Pádraig Carmody, Stiúrthóir Thionscadail CHARM-EU i gColáiste na Tríonóide: “Tá áthas orm gur aithníodh nádúr nuálach uathúil Chomhghuaillíocht CHARM-EU tríd an ngradam seo. Tugann ár Máistreacht i nDúshláin Dhomhanda don Inbhuanaitheacht na scileanna praiticiúla agus anailíseacha do mhic léinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an tsaoil mhóir, agus iad ag staidéar i réimse cultúr agus comhthéacsanna éagsúla in ollscoileanna Eorpacha den scoth”.

Dúirt Conor Spillane, Bainisteoir Tionscadail CHARM-EU: “ Thar ceann Fhoireann an Tionscadail, líonra níos leithne fhoireann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a chuireann leis an Tionscadal agus ar ndóigh ár gcomhpháirtithe ollscoile idirnáisiúnta, tá áthas orainn an gradam a fháil. In ainneoin na ndúshlán iomadúla a bhí romhainn, lena n-áirítear paindéim COVID-19, ba é CHARM-EU an t-aon Chomhghuaillíocht Ollscoile Eorpach a chreidiúnaigh agus a sheol Máistreacht nua go rathúil. Is fianaise é seo ar cheannaireacht dháilte CHARM-EU, ag dearadh imeachtaí chun rannpháirtíocht agus comhoibriú níos mó a chinntiú, agus ag baint úsáide as dea-chleachtais ó gach ceann dár n-ollscoileanna.”

Cuireann CHARM-EU eispéireas oideachais chlaochlaitheach ar fáil do mhic léinn, le béim ar inbhuanaitheacht trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Comhaontú Glas Eorpach a bhaint amach. Tá iarratais ar Mháistreacht CHARM-EU i nDúshláin Dhomhanda don Inbhuanaitheacht 22/23 oscailte anois. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: https://www.charm-eu.eu/masters/globalchallenges