Baineann CHARM-EU leas as maoiniú Rialtas na hÉireann

Baineann CHARM-EU leas as maoiniú Rialtas na hÉireann

Tá fógartha ag Rialtas na hÉireann, tríd an Údarás um Ardoideachas, go bhfuil maoiniú €3.1 milliún á fhógairt aige do institiúidí ardoideachais na hÉireann atá ina mbaill de sheacht gComhghuaillíocht Ollscoileanna Eorpacha – agus CHARM-EU ina measc.

Lámh dhaonna ag coinneáil cruinne an domhain thar chúlra doiléir oíche cathrach.

Mar bhall de Chomhghuaillíocht CHARM-EU, gheobhaidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath €442,000 a chabhróidh le straitéis chomhpháirteach fhadtéarmach, chomhtháite a chur i bhfeidhm lena ollscoileanna comhpháirtíochta, chomh maith le tacú le tuilleadh malartuithe agus rannpháirtíochta.

Dúirt an tAire um Ardoideachas agus um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Simon Harris TD : “Léiríonn an fógra seo tiomantas ár Rialtais don fhís uaillmhianach maidir le Limistéar Oideachais Eorpach agus Limistéar Taighde Eorpach atá nuálach, iomaíoch ar fud an domhain agus tarraingteach, i sineirgíocht iomlán leis an Limistéar Ardoideachais Eorpach. Caithfidh an t-ardoideachas na scileanna a sholáthar do mhic léinn, d’fhoireann agus do thaighdeoirí chun a mbealach a dhéanamh i margadh saothair atá ag athrú – áit a bhfuil an t-éileamh ar dhaoine ard-oilte ag méadú – agus chun nascleanúint a dhéanamh ar na haistrithe glasa agus digiteacha. Cabhróidh na comhghuaillíochtaí seo lenár n-institiúidí na cuspóirí seo a bhaint amach agus comhionannas inscne, cuimsitheacht agus cothromas á gcur chun cinn acu.”

Dúirt an tOllamh Pádraig Carmody, Stiúrthóir Thionscadail CHARM-EU i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath : “Tá áthas ar Choláiste na Tríonóide go mbeidh rialtas na hÉireann ag comhmhaoiniú Chomhghuaillíocht CHARM-EU, ar ball de muid. Ba í CHARM-EU an t-aon Chomhghuaillíocht Ollscoile Eorpach a chreidiúnaigh agus a sheol Máistreacht nua go rathúil i mbliana agus cabhróidh céimithe an chláir ar Dhúshláin Dhomhanda don Inbhuanaitheacht le hEoraip níos inbhuanaithe a mhúnlú. Cuirfidh an maoiniú seo ar ár gcumas tionscnaimh nua a fhorbairt agus ár dtionchar a mhéadú i roinnt réimsí agus ar an gcaoi sin cabhrú le Limistéar Oideachais na hEorpa a thabhairt chun críche.”

Cuireann CHARM-EU eispéireas oideachais claochlaitheach, fíor-Eorpach ar fáil do mhic léinn, le béim ar inbhuanaitheacht trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Comhaontú Glas Eorpach a bhaint amach.

Trí churaclaim atá dírithe ar dhúshláin, tugann CHARM-EU cumhacht agus inspioráid do mhic léinn agus do bhaill foirne traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta araon chun bheith ina smaointeoirí criticiúla atá in ann dúshláin shochaíocha a bhaineann leis an téama 'réiteach an chine dhaonna leis an bpláinéad' a réiteach.

Cé go ndíríonn CHARM-EU ar an teagasc, comhtháthaíonn sé taighde, teagasc agus fiontraíocht trasna disciplíní freisin. Tugann an cineál nua seo de rannpháirtíocht ilinstitiúideach iarrachtaí mac léinn, acadóirí agus baill foirne neamhacadúla le chéile, in éineacht le plean bainistíochta athraithe chun samhail nuálach CHARM-EU a chur i bhfeidhm. Sa deireadh thiar, beidh CHARM-EU ina mhúnla inbhuanaithe, inaistrithe agus cuimsitheach do champas idir-ollscoile Eorpach.